gaois.ie
  • Twitter
  • YouTube
  • GitHub

Roghnaigh teanga":

Conas a bhailíonn muid ár gcuid staitisticí

Tugann an suíomh seo léargas ar thrácht, ar úsáid agus ar staitisticí cainníochta eile a bhaineann leis na suímh idirlín atá faoi riar ag grúpa taighde Gaois, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Seo a leanas mar a bhailíomar na staitisticí úsáide, feidhmíochta agus infhaighteachta:

  • Staitisticí úsáide:
    • Staitisticí úsáide bailithe le Google Universal Analytics (UA) ó 2006–22.
    • D’aistríomar ó UA go Google Analytics 4 (GA4) ar an 01/01/2023.
    • Staitisticí úsáide bailithe le GA4 i 2023.
    • D’aistríomar ó GA4 go Plausible ar an 01/01/2024.
    • Staitisticí úsáide bailithe le Plausible ó 2024 i leith.
  • Staitisticí cuardaigh:
    • Staitisticí cuardaigh bailithe le scripteanna/bunachair dár gcuid féin ó 2006 i leith.
    • Staitisticí cuardaigh áirithe (i.e. téarma.ie, logainm.ie, gaois.ie, corpas.ie, canúint.ie) bailithe le Plausible ó 2024 i leith.
  • Staitisticí infhaighteachta:
    • Staitisticí infhaighteachta á bhfáil ón tseirbhís monatóireachta IPPatrol ó 2008–21 (nuair a dhún an comhlacht).
    • Staitisticí infhaighteachta á bhfáil ón tseirbhís monatóireachta UpTimeRobot ó 2021 i leith.

Ní sonraí pearsanta na sonraí seo, de réir shainmhíniú GDPR an AE, agus ní chuireann na sonraí seo ar ár gcumas úsáideoirí aonair a shainaithint.